Artwork

Inhoud geleverd door Conradh na Gaeilge i Londain. Alle podcastinhoud, inclusief afleveringen, afbeeldingen en podcastbeschrijvingen, wordt rechtstreeks geüpload en geleverd door Conradh na Gaeilge i Londain of hun podcastplatformpartner. Als u denkt dat iemand uw auteursrechtelijk beschermde werk zonder uw toestemming gebruikt, kunt u het hier beschreven proces https://nl.player.fm/legal volgen.
Player FM - Podcast-app
Ga offline met de app Player FM !

7 Deireadh Fómhair 2023 (Baile Átha Cliath)

4:44
 
Delen
 
Manage episode 379178656 series 2770343
Inhoud geleverd door Conradh na Gaeilge i Londain. Alle podcastinhoud, inclusief afleveringen, afbeeldingen en podcastbeschrijvingen, wordt rechtstreeks geüpload en geleverd door Conradh na Gaeilge i Londain of hun podcastplatformpartner. Als u denkt dat iemand uw auteursrechtelijk beschermde werk zonder uw toestemming gebruikt, kunt u het hier beschreven proces https://nl.player.fm/legal volgen.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar an scríbhneoir agus drámadóir Ioruach, Jon Fosse. Scríbhneoir bisiúil é Fosse a bhfuil thart ar 40 dráma foilsithe aige, chomh maith le húrscéalta, filíocht, aistí, leabhair do pháistí agus saothair aistriúcháin, agus tá cáil air le fada an lá as an úsáid nuálach a bhain sé as teanga agus as an turgnamh foirmiúil. Bronntar an Duais Nobel mar aitheantas ar shaothar iomlán an scríbhneora agus glactar leis mar an duais is tábhachtaí sa litríocht. Ina theannta sin tagann sé seo le dámhachtain de 11 milliún krona Sualannacha.

Beidh Corn an Domhain Sacair ar siúl i sé thír ar thrí mhór-roinn sa bhliain 2030. Ar an gCéadaoin, cheadaigh comhairle rialaithe FIFA athrú ar an bhformáid thraidisiúnta ar ócáid chomóradh céad bliain an chomórtais. De réir an tsocraithe neamhghnách seo, beidh trí thír i Meiriceá Theas - an Airgintín, Paragua agus Uragua - mar óstach ar chluiche oscailte amháin. Beidh an chuid eile den chomórtas ar siúl ansin sa Spáinn, sa Phortaingéil agus i Maracó. Reáchtáladh an chéad Chorn Domhanda in 1930 in Uragua, agus bhí an bua ag an tír óstach. Ó shin i leith tá sé ar cheann de na himeachtaí spóirt is luachmhaire agus is mó faire ar domhan.

I Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá Kevin McCarthy curtha as oifig mar chainteoir i dTeach na nIonadaithe. Is é an chéad cheannaire i stair sheomra íochtair Chomhdháil na Stát Aontaithe a baineadh den phost. Tharla an vóta drámatúil 216 go 210 tráthnóna Dé Máirt agus vótáil ochtar Poblachtánach ón eite fhíordheis den pháirtí i gcoinne cheannaire a bpáirtí. Níl aon chomharba soiléir fós le teacht in ionad McCarthy ach tá an t-iarUachtarán faoi bhrú Donald Trump tar éis a chuid tacaíochta a thabhairt do Jim Jordan, fearr a mheastar le bheith ar dhuine de na polaiteoirí is coimeádaí sa Chomhdháil. Beidh ar an gComhdháil cainteoir a cheapadh roimh an 17ú de mhí na Samhna chun dúnadh féideartha eile an rialtais a sheachaint.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script le fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

turgnamh foirmiúil - formal experiment

dámhachtain - award

comóradh céad bliain - hundred year anniversary

tír óstach - host country

Teach na nIonadaithe - the House of Representatives

Comhdháil na Stát Aontaithe - United States Congress

  continue reading

232 afleveringen

Artwork
iconDelen
 
Alle afleveringen

×
 
Loading …

Welkom op Player FM!

Player FM scant het web op podcasts van hoge kwaliteit waarvan u nu kunt genieten. Het is de beste podcast-app en werkt op Android, iPhone en internet. Aanmelden om abonnementen op verschillende apparaten te synchroniseren.

Korte handleiding