Artwork

Inhoud geleverd door Conradh na Gaeilge i Londain. Alle podcastinhoud, inclusief afleveringen, afbeeldingen en podcastbeschrijvingen, wordt rechtstreeks geüpload en geleverd door Conradh na Gaeilge i Londain of hun podcastplatformpartner. Als u denkt dat iemand uw auteursrechtelijk beschermde werk zonder uw toestemming gebruikt, kunt u het hier beschreven proces https://nl.player.fm/legal volgen.
Player FM - Podcast-app
Ga offline met de app Player FM !

28 Meán Fómhair 2024 (Baile Átha Cliath)

4:43
 
Delen
 
Manage episode 442486044 series 2770343
Inhoud geleverd door Conradh na Gaeilge i Londain. Alle podcastinhoud, inclusief afleveringen, afbeeldingen en podcastbeschrijvingen, wordt rechtstreeks geüpload en geleverd door Conradh na Gaeilge i Londain of hun podcastplatformpartner. Als u denkt dat iemand uw auteursrechtelijk beschermde werk zonder uw toestemming gebruikt, kunt u het hier beschreven proces https://nl.player.fm/legal volgen.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 28ú de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Tá córas cúram sláinte na Liobáine i ngéarchéim dar le hAire Sláinte na Liobáine, Dr Firass Abiad. Dúirt an Dochtúir Abiad gur maraíodh níos mó ná 40 oibrí cúram sláinte in “ionsaithe spriocdhírithe” an tseachtain seo, agus go bhfuil otharcharranna “dírithe ag míleata Iosrael agus iad ag déanamh a gcuid oibre”. Deir Benjamin Netanyahu nach gcuirfidh Iosrael ‘stad’ le hionsaithe ar Hezbollah in ainneoin glaonna sos cogaidh ón bhFrainc agus ó chomhghuaillithe eile agus geallann sé leanúint leis an Liobáin a bhualadh. Tá níos mó ná 27,000 duine tar éis teitheadh ón Liobáin le trí lá anuas - agus tá níos mó ná 70,000 duine díláithrithe go hinmheánach tar éis tearmann a ghlacadh i 500 scáthlán a bunaíodh ar fud na tíre, dúirt Aire Gnóthaí Baile na Liobáine.

Tá reachtaíocht sínithe ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys chun cosc a chur ar mhadraí Bulaí XL tar éis roinnt ionsaithe tromchúiseacha. Tagann an toirmeasc i bhfeidhm in dhá chéim, ag tosú Dé Máirt seo chugainn nuair a bheidh sé in aghaidh an dlí madra Bulaí XL a allmhairiú, a phórú, a dhíol nó a athlonnú. Ansin, ón 1ú Feabhra 2025, beidh sé mídhleathach úinéireacht na madraí gan deimhniú díolúine. D'áitigh lucht agóide i gcoinne na ndlíthe nua go bhfuil a leithéid de reachtaíocht idirdhealaitheach i gcoinne úinéirí siosmaideacha agus a gcuid madraí, agus nach dtugann an cosc aghaidh ar úinéireacht neamhfhreagrach peataí.

D’admhaigh zú Síneach gur “madraí péinteáilte” a bhí sna pandaí ina chuid foilseán. Thuig cuairteoirí ag Zú Shanwei gur cuireadh dallamullóg orthu nuair a thosaigh na pandaí, mar a thugtar orthu, ag tafann. Tá pandaí dúchasach don tSín agus is siombal idirnáisiúnta den tír iad. Tar éis do chuairteoirí an cleas a phoibliú ar na meáin shóisialta, d'admhaigh na heagraithe go raibh dhá chow chow péinteáilte acu - pór madraí clúmhach ó thuaisceart na Síne ó dhúchas - le marcálacha panda dubh agus bán. Ó shin i leith, d'éiligh cuairteoirí a gcuid airgid ar ais mar gheall ar an bhfógraíocht bhréagach.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an aip ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ionsaithe spriocdhírithe - targeted attacks

otharcharranna - ambulances

toirmeasc - prohibition

díolúine - exemption

cleas - trick

pór - breed

  continue reading

277 afleveringen

Artwork
iconDelen
 
Alle afleveringen

×
 
Loading …

Welkom op Player FM!

Player FM scant het web op podcasts van hoge kwaliteit waarvan u nu kunt genieten. Het is de beste podcast-app en werkt op Android, iPhone en internet. Aanmelden om abonnementen op verschillende apparaten te synchroniseren.

Korte handleiding

Luister naar deze show terwijl je op verkenning gaat
Spelen